EirGrid

16 October 2025

Léirítear i réamhaisnéis nua EirGrid go bhfuil baol íseal d’fholáirimh córais an Geimhreadh seo de dheasca giniúint neamhleor a bheith ar fáil chun an t-éileamh a chomhlíonadh

Oibreoidh an córas cumhachta laistigh den leibhéal riosca a shocraíonn an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, de réir Ionchas Geimhridh EirGrid don bhliain 2025/26.

Tá réamhaisnéis tugtha ag EirGrid, atá freagrach as an eangach agus margadh leictreachais a oibriú, a fhorbairt agus a fheabhsú, go mbeidh toilleadh giniúna leordhóthanach ann agus baol íseal go mbeidh foláirimh córais ann sna míonna amach romhainn, agus Ionchas Geimhreadh don bhliain 2025/26 á fhoilsiú acu.

Leis an Ionchas Geimhridh bliantúil, tugtar eolas d’earnáil an leictreachais agus tacaítear leis an ullmhúchán do na míonna atá le teacht. Le tuarascáil 2025/26, cumhdaítear an tréimhse ón 3 Samhain 2025 go dtí an 5 Aibreán 2026. 

Is measúnú ‘am áirithe’ atá i gceist, bunaithe ar an eolas is fearr atá ar fáil. B’ionann an dáta reoite sonraí don bhliain seo agus an 12 Meán Fómhair 2025. 

San Ionchas Geimhridh, déanann EirGrid staidéar ar an toilleadh giniúna lena bhfuiltear ag súil agus ar an éileamh tuartha leictreachais, chun a chinneadh an ann do lamháil leordhóthanach toillte giniúna. 

San anailís, sainítear an tIonchas maidir le Cailliúint Lóid (LOLE), arb ionann é sin agus foirmle mhatamaitice, bunaithe ar staidéir, de líon na n-uaireanta i dtréimhse áirithe (bliain amháin de ghnáth) nach mbeidh an t-aonad giniúna atá ar fáil in ann an t-éileamh a chomhlíonadh lena linn. 

Dá airde an figiúr sin, is ea is mó an baol go mbeidh giniúint neamhleor ar fáil. 

De réir Ionchas Geimhridh na bliana seo, is ionann an LOLE in Éirinn do thréimhse cúig mhí an gheimhridh agus 1.1 uair a chloig. Tá an figiúr sin laistigh den LOLE Caighdeánach de 3 uair a chloig a socraíodh d’Éirinn. 

Tá an LOLE don gheimhreadh seo níos ísle ná an LOLE de 3.6 uair a chloig a bhí ann an geimhreadh seo caite, 21 uair a chloig an geimhreadh roimhe sin agus 51 uair a chloig an geimhreadh roimhe sin.

Tá feabhas tagtha ar chás na leordhóthanachta giniúna in Éirinn ar roinnt cúiseanna, lena n-áirítear foinsí nua giniúna ar an gcóras, an tIdirnascaire nua 500MW ‘Greenlink’ leis an mBreatain a bheith curtha i gcrích, agus cur chun feidhme leantach an Chláir um Shlándáil an tSoláthair, atá faoi stiúir an Choimisiúin um Rialáil Fóntais (CRU).

Tríd an gclár um Shlándáil an tSoláthair, tá 750MW d’Aonaid Choimeádta Atá Ann Cheana (REUnna) ag Gob na Muine agus 649 MW de Ghiniúint Éigeandála Shealadach (GES) ar fáil mar ghiniúint bhreise lasmuigh den mhargadh d’oibreoirí córais in Ionad Rialaithe EirGrid, más gá.

Sa bhreis air sin, tá 108 MW de stáisiún cumhachta buaicéilimh gásadhainte agus 45 MW de cheallraí nua, arna seachadadh tríd an Margadh Toillte, ar fáil don chóras anois.

D’fhéadfadh an córas gabháil isteach i Staid Foláirimh (Ómra) in amanna, is dóichí ag tréimhsí le gaoth íseal agus le hiompórtálacha ísle ó idirnascairí. 

Ní gá go gciallódh tomhas an LOLE go mbeidh tomhaltóirí leictreachais gan soláthar ar feadh tréimhse ar bith.

Tá dóchúlacht íseal ann go rachaidh an córas isteach i Staid Éigeandála (Dearg), i ngeall ar ghiniúint neamhleor a bheith ar fáil chun an t-éileamh a chomhlíonadh.

Tugtar faoi deara sa tuarascáil go bhfuil prótacail i bhfeidhm le húsáideoirí móra fuinnimh lena maolófaí aon tionchar ar thithe agus ar ghnólachtaí, nuair is féidir fógra leordhóthanach den eachtra a thabhairt.

In athbhreithniú de Gheimhreadh 2024/25, léiríonn an anailís gur eisíodh dhá Fholáireamh Córais le linn na tréimhse sin. Eisíodh iad sin i ngeall ar fholáirimh aimsire stoirme agus níor bhain siad le cúrsaí leordhóthanachta.

An Geimhreadh seo caite, taifeadadh an buaicéileamh is airde riamh de 6,024 MW an 8 Eanáir 2025 i ngeall ar aimsir fhuar. 

Léirítear san anailís ar bhuaicéileamh na hÉireann i gcaitheamh an gheimhridh go mbíonn méadú 55 MW sa bhuaicéileamh ann nuair a thagann laghdú 1°C sna teochtaí allamuigh, rud a chiallaíonn go mbíonn tionchar ollmhór ar choinníollacha aimsire ar an éileamh leictreachais le linn an gheimhridh. I gcás Ionchas Geimhridh 2025/26, is ionann an buaicéileamh meánach atá tuartha ag EirGrid agus 6,044 MW. 

Dúirt Diarmaid Gillespie, Stiúrthóir Oibríochtaí Córais in EirGrid, “Tá an baol nach mbeidh giniúint leordhóthanach ar fáil chun an t-éileamh a chomhlíonadh i bhfad níos ísle ná mar a bhí le blianta beaga anuas agus tagann sé laistigh de na caighdeáin atá leagtha síos ag ár Roinn. Is dea-nuacht é sin.” 

“Cé gur féidir le cúrsaí a bheith níos dúshlánaí le linn mhíonna fuara an gheimhridh, bhí ról tábhachtach ag na gineadóirí nua agus na haonaid stórála ceallra a fuaireamar tríd an Margadh Toillte, agus ag bearta lasmuigh den mhargadh, maidir leis an staid fheabhsaithe seo a éascú. 

Is é an ról atá againn in EirGrid ná cothromaíocht a bhaint amach idir soláthar agus éileamh ón Ionad Rialaithe Náisiúnta gach nóiméad den lá, agus déanaimid pleanáil freisin do riachtanais leictreachais fhadtéarmacha na hÉireann. Tá ár mbonneagar eangaí, agus acmhainneacht agus cumas EirGrid chun a ról ríthábhachtach a chomhlíonadh bunúsach i dtaobh neamhspleáchas agus slándáil fuinnimh níos fearr a chinntiú, chomh maith le tacú le fás eacnamaíoch náisiúnta agus réigiúnach agus le sochaí athléimneach.

Leanfaimid orainn ag freastal ar riachtanais maidir le fás an éilimh ar leictreachas in Éirinn i ndinimic chasta agus athraitheach idir an soláthar agus an t-éileamh.