8 July 2025
Plean Gnó EirGrid d'Athbhreithniú ar Phraghsanna 6 (2026-2030) Achoimre i nGaeilge Shimplí
Gach cúig bliana, forbraíonn EirGrid Plean Gnó don Rialálaí Fuinnimh, an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRU), chun córas tarchurtha a oibriú agus a fhorbairt do na cúig bliana amach romhainn. Is achoimre é an doiciméad seo i nGaeilge shimplí ar ár bPlean Gnó, ‘Athbhreithniú ar Phraghsanna 6’ nó ‘AP6’, ina sonraítear ár bpríomhthosaíochtaí do thréimhse AP6 (an 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Nollaig 2030), mar aon leis an méid a mheastar a chosnóidh sé chun na tosaíochtaí sin a bhaint amach.