EirGrid

16 October 2025

Ionchas Geimhridh 2025/26

Is ionann an tIonchas maidir le Cailliúint Lóid (LOLE) in Éirinn don chúig mhí de thréimhse an gheimhridh atá á staidéar agus 1.1 uair a chloig. Tá an LOLE laghdaithe ó 3.6 uair a chloig an bhliain seo caite agus 21 uair an geimhreadh roimhe sin. Tá sé laistigh den chaighdeán 3 uair a chloig in aghaidh na bliana. Ciallaíonn an méid sin go n-oibreoidh an córas laistigh den leibhéal riosca a shocraíonn an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil D’fhéadfadh an córas gabháil isteach i Staid Foláirimh in amanna, is dóichí ag tréimhsí le gaoth íseal agus le hiompórtálacha ísle ó idirnascairí. Ní dealraitheach go rachaidh an córas isteach i Staid Éigeandála, i ngeall ar ghiniúint neamhleor a bheith ar fáil chun an t-éileamh a chomhlíonadh.